Scoil: Cromghlinn (B) (uimhir rolla 12606)
- Suíomh:
- Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 'Sé Cill Sgeachach an t-ainm atá air mo bhaile. Tugadh an t-ainm sin air mar tá go leor sgeachaí ag fás ann. Deireann daoine gurb é Gioll Sgiath, an t-ainm ceart, mar bhí gaisgidheach darbh ainm Gioll Sgiath in a chomhnuidhe ann san t-sean aimsear agus is uaidh a thainig an t-ainm. Tá go leor sgéalta ag muintir na h-aite faoi Gioll Sgiath. Tá aon teach deag ann. Is iad slinne atá ortha ar fad.Timcealls fiche bliadhain o shoin bé tuighe a bhí ortha uilig. Tá sean duine ós cionn 70 mbliadhna d'aois in a gcomhnuidhe ann. Tá Gaedhilg aige, agus tá sé in ann sgéalta a innseacht i nGaedilg. Seo é an t-ainm Michéal O Spealain. Tá a lán fothrach tighthe in mo bhaile. Tá ceithre cinn ann. Tá fothrach caisleain ann freisin. Tá talamh mhaith i gcuid de agus tá an cuid eile go dona. Fadó ní raibh ann acht raithneach agus dreiseacha. Tá carraigreacha le feicéal ann fós.
- Bailitheoir
- Seán de Faoite
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Cill Sciach, Co. na Gaillimhe