Scoil: Cromghlinn (B) (uimhir rolla 12606)
- Suíomh:
- Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal.
Eachtra an Mháirnealaigh.Bí fear i Glonndae na Gaillimhe aon uair amháin. Máirnéalach do beadh é. Chuaidh sé go Danmhairgh uair amháin agus nuair a tháinigh sé i dtír chuaidh sé ag breathnú ar an áit agus bhí sé ag déanamh iongantais ar gach a bhfaca sé ann, agus dubhairt sé nach raibh a leithéide sa mbaile in Éirinn. Aon lá amháin chuaidh sé soir an bothar seo, cé casadh leis ar an mbealach acht sean-fhear agus é, ag caoineadh. Bhí feasóg fada liath air agus bhí sé an aosta. Bhí buichéad in a laimh aige mar beadh sé dul i gcoinne buicéidh uisge. Bhí iongantas ar an máirnéalach ce'n fáth a raibh an sean-fhear ag gol. D'fiafruigh sé de'n sean-dhuine ce'n fáth a raibh sé ag gol, agus d'freagair fear na féasóige é. "M'athair," a dubhairt fear na féasóige "a bhuail mé agus a chuir i gcoinne uisge mé" "Muise bhfuil tu a rádh liom go bhfuil t-athair beo" "ars an máirnéalach. Tá sé beo acht tá sé sa leabaidh le seacht mbliana" ars an sean-fhear.
Siubhal sé in aoindigh le fear na féasóige. Thugh sé an canna as a laimh agus d'iomchur sé é, chun an tighe. "Anois" a dúbhairt fear na féasóige, "ar an bpoinnte a thiocaidh tú isteach an doras iarrfhiadh [!] m'athair tú a marbhughadh. Cuirfhidh sé fáilte rómhath agus dearfhaidh sé leat(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán de Faoite
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Cill Sciach, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán de Faoite
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- Cill Sciach, Co. na Gaillimhe