Scoil: Cromghlinn (B) (uimhir rolla 12606)

Suíomh:
Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Donnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 176

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 176

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromghlinn (B)
  2. XML Leathanach 176
  3. XML “Áitainmneacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. BAILE CRUIM-GHLINN

    Gabhaltas Uí Laimhthe
    Gort na Pilibín - bíonn pilibiní le fagháil ann i gcomnuidhe
    An Gleann Riabhach - is dath riabhach atá ar an bhféár
    Garraidhe Sheáin - do chomhnuigheadh sean-Sheán ann fado

    An Garraidhe Buidhe - Is creafóg buidhe, sort marla atá ann

    Carraig Eoghainín - do bhaist seán Eoghainín an t-ainm ar an gcarraig

    An Leacht - tá leachtán cloch san bpáirc seo

    Gabhaltas - Búrcach
    Páircín na Sgeach - tá sgeachai ag fás thart timcheall na páirce seo

    Clúid na Sidheógaí - deirtear go raibh áit comhnuidhthe ag na sidheogaí san gcluid seo

    Páirc na Claise Buidhe - tá creafóg buidhe ar thóin na claise atá innti

    Páirc Nóra Mhóir - bí sean-bhean arbh ainm Nóra Mhór uirthí in a comhnuidhe innti san t-sean-aimsear

    Páircín na Féarach - tá fearach an mhaith ann
    An Guirtín 'R' - is déanamh na Leitre "R" ata air
    An Pháircín Íseal - is gleann atá innti

    Gabhaltas - Uí h-Ainle (?)
    An Poll Bán - ta poll marla sa bpáirc seo
    Cnoc na Ráth - tá go leor ráthannna ar fud na páirce seo
    An Móinín - is talamh móinteach atá sa bpáirc seo
    Garraidhe Chuinn - ba le Sean-Phádraic O Chuinn an garraidhe seo fadó

    Carán na Píne - tá coill beag píne sa ngort seo

    Gabhaltás - Mhic Uí Maoileidigh
    An Sean-Bhaile - bí baile beag annseo tráth
    An Crúitín -
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Cromghlinn, Co. na Gaillimhe