Scoil: Cromghlinn (B) (uimhir rolla 12606)

Suíomh:
Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Donnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 198

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 198

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromghlinn (B)
  2. XML Leathanach 198
  3. XML “An Baile-Phoist - Béal Átha Glúinín- An Chaoi a Chuireadh an tAinm ar an Áit”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó nuair a bhí an mainistear in Eanach Chuain bhí go leor tailte ag na mánaigh, thart timcheall na mainstreach, agus bhiodh go leor beithidheach aca ar na tailte seo. Oidhche chuaidh robálaigh chun na beithidhigh a goideadh agus tharla go raibh sneachta ag tuitim go trom an oidhche ceudhna. Goideadar na ba agus thiomaintadar iad chomh fada leis an áit, ar a dtugtar Béal-Átha-Ghluínín anois.
    Maidin dar gcionn, chuaidh duine des na mánaigh amach ag breathnú ar na bá, acht ní raibh aon ceann le feiceál. Facthas do go rabhadar imthighthe no goidthe. Chonaic se a lorga ins an sneachta agus lean sé iad chomh fada leis an abhainn i mBéal Átha Ghluínín, acht ní rabhadar le feiceál ní bfuide.
    Ceard a rinne na robálaigh san áit sin acht na bá thiomaint isteach san abhainn agus iad a snámh san uisge, agus dioladar iad i Creagán.
    Nuair bhí fios ag an mánach go raibh sé buailte, chuaidh sé ar a ghlúnaibh, agus chuir sé a mhallacht ar lucht goidthe na mbó. Nuair a d'eirigh sé, bhí crot no dealbh a dhá ghlún fágtha ar na clochaibh ar bhruach na h-aibhne.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
    Bailitheoir
    Pádraic Ó Dúbhlaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Dúbhlaighe
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cromghlinn, Co. na Gaillimhe