Scoil: Cromghlinn (B) (uimhir rolla 12606)

Suíomh:
Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Donnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 199

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 199

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromghlinn (B)
  2. XML Leathanach 199
  3. XML “Fathaigh - Gioll Sciath”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seán dé Faoite, aois 13, as Cill-Sgeachach, Turloch Mór, a fuair an sgéul seo ó na athair, Seán de Faoite.

    Tá fothracha sean-chaisleán i gCill-Sgeachach agus creideann muinntir na h-áite go raibh fathach in a chomhnuidhe ann fadó. Tá daoine ar inntin fós, gurb é "Gioll-Sgiath" an t-ainm atá ar an mbaile agus gurbh o'n bhfathach a fuair sé an t-ainm.
    Pé sgéul é, nuair a bhí Gioll-Sgiath in a ghasúr bheag, bhí an ghrádh ag a mháthair do, mar ní raibh aici acht aon mhac amháin agus ní raibh san gcaislean acht an bheirt aca. Bí rud amhain ag chur imnidhe uirthí, bhí an-ghoile ag Gioll, agus bhí croidhe a mháthar beagnach brisde ag iarriadh a sháthach a coingbeál leis, acht nior chlis sí air. D'fás sé suas go raibh sé ina a fhear óg, agus bhí sé chomh mór, chomh árd agus chomh laidir sin go raibh faithchios ar 'chuile duine roimhe.
    Lá amháin dubhairt a mháthair leis go gcaithfheadh sé tosnú ag obair chun a bheartha a shaorúghadh. Ceard a ndearna sé? Rinne sé cliabhán mór, chuir sé a mháthair sios ann, d'árduigh sé ar a druim é, agus rinne sé a bhealach go Baile-Átha Cliath.
    Ag sroichint na cathrach sin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. fathaigh (~518)
    Innéacs seanscéalta
    AT0650**: The Strong Youth
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán de Faoite
    Inscne
    Fireann
    Aois
    13
    Seoladh
    Cill Sciach, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán de Faoite
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Sciach, Co. na Gaillimhe