Scoil: Cromghlinn (B) (uimhir rolla 12606)

Suíomh:
Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Donnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 224

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 224

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromghlinn (B)
  2. XML Leathanach 224
  3. XML “Féile Mhártain”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. M. de Búrca as Cruim-ghlinn do sgríobh.

    Naoí n-oidhche lá fhéil Mártan. Mártan mór na Mart a tugtar ar Mártan.

    Bhí fear ann úair amháin agus bhí sé pósta. Bhí mac amháin aige. Cailleadh a bhean agus pós sé aríst. Bhí nós ag an bhfear seo muc a mharbhúghadh chuile bhliadhain i nonóir don fhéile ach ní thuíbhrfad an bean seo cead dó agus ní caitheadh sí go maith leis an leas-mhac. Tar éis tamaill bhí mac óg aice fhéin. On Féil Mártan dár gcionn chúaidh an leas-mhac ag an doras dúnta agus bhúail sé air. Dfíofruígh an leas-mhátair cé bhí ann. Ar's an leas-mhac
    "Is mise Mártan na mart,
    Agus ar mo shon ithtear feóil"
    Agus muna marbóchaidh tú an mhuc mór bhreac
    Marbhótaídh mise Mártan Óg.

    Sgannruígheadh an leas-mháthair agus cuir sí fios ar a bhfear an muc a mharbhúghadh agus uaidh sin amach marbhuíghtí in n-onóir do'n fhéile.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Féile Mártain (~177)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheál C. de Búrca
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cromghlinn, Co. na Gaillimhe