Scoil: Cromghlinn (B) (uimhir rolla 12606)

Suíomh:
Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Donnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 182

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 182

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromghlinn (B)
  2. XML Leathanach 182
  3. XML “An Maistreadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a bhíonns maistreadh le deanamh ag mo mháthair glanann sí an chuinneóig le uisge fiuchta i dtosach. Cuireann sí an t-úachtair as an croca innti annsin, agus má bhíonns an aimsear fúair cuireann sí an chuinneóg in aice leis an teine ar feadh tamaill. Cuireann sí an loinith innti agus an clár agus caipín uirthí freisin.
    Núair bhíonns an t-úrlár sgúabhtha agus 'chuile shórt i gcór cuireann sí an chuinneóg amach i lár an úrláir. Cuireann sí aithinne fúithi agus craitheann sí gráinín salann ar a clár. I dtíghthibh dúnann síad an doras agus ní leigthear do dhuine ar bith dul amach no teacht isteach fad is bhíonns an maistreadh gá dhéanamh.
    In mo dteach ní theigheann aon duine amach gan dreas a bhúaileadh. Má thaganns stroinséara isteach, búaileann sé dreas freisin súl a theigheann sé amach. Ní leigtear dó aithinne a cur in a phiopa go mbhíonn an maisreadh deanta. Má bhíonns m'athair ag caitheamh a piopa fhein ní thugann
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. im agus cuigne (~3,280)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheál C. de Búrca
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cromghlinn, Co. na Gaillimhe