Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Suíomh:
- An Clochán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Peadar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus dubhairt sé leis an mbuachaill "Blaoidh ar an tarbh". Rinneadh amhlaidh. Tháinig an tarbh, agus d'itheadar agus d'óludar a sáith. D'fhilleadar abhaile um tráthnóna agus d'innis fear a' tighe dá bhean mar gheall ar an bhéile bhreagh blasta a bhí aca. D'íarr sise í féin a leigint in aoinfheacht leo lá ar na báireach. Chuaidh an triúr go dtí an sliabh agus mar ba gnáthach, d'itheadar agus d'óladar go dtí go raibh siad sásta. Dubhairt an tarbh leo, gan innseacht d'einne agus go ndéanfaidh sé saidhbhir iad de bharr rún a choinneal.D'eirigheadar an t-saidhbhir ar ball agus rinneadar teach mór gleoite agus ní raibh a fhios ag éinne céard a bhí a' teacht ortha, gléasta chomh breagh leo - caráistí agus capaill aca, agus mhair an triúr le chéile i sonas-saoghalta ar feadh na bliadhanta fada.Sgéal ó bhéal fir oibre as an Ghaedhealtacht atá ag obair sa bpáraiste seo faoi láthair. Deir sé go bhfuil go leor mar sin le cloisteáil in a bhaile dúthchais féin. B'fhéidir go bhfuigheadh mé uair eicint eile le conghamh Dé.Dóirín Ní Mhuiris
- Bailitheoir
- Dóirín Ní Mhuiris
- Inscne
- Baineann