Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán

Suíomh:
An Clochán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSr. M. Peadar
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0004, Leathanach 523

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0004, Leathanach 523

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Leathanach 523
  3. XML “Filíocht”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ag seo píosa filidheacht ó Chárna : Tiocfaidh an Samhradh
    Tiocfaidh an Samhradh agus fásfaidh an féar,
    Tiocfaidh an duilleabhar glas ar barr na gcraobh.
    Tiocfaidh mo ruainsearc le bánú an lae,
    Agus buailfimid tiún suas le conghnamh Dé.
    Is óg's óg a chuir mé dúil i ngreann,
    Do dhéanfainn súgaradh le mo ruan ar fail,
    Níl baile ciún ar bith a ngluaisfinn ann,
    Nach bhfuighinnn maighdean óg dheas a shiúbhalfadh liom.
    Brón ar an fhairge mar sí tá mór,
    Sí atá goil eadar mé, 's mo mhíle stór,
    D'fhág sí ar an mbaile seo mé a déanadh brón,
    'S gan aon súil ca.... agam choíche is níos mó.
    Scairt mé aréir ag an doras thall,
    Scairt mé arís ar mo ghrádh go teann,
    Sé dubhairt a deaidí liom nach raibh sí ann,
    Gur éalaigh sí féin leis an mbuachaill bán.
    Shiúbhail mé thoir agus shiúbhail mé thiar,
    Shiúbhail mé Corcaigh agus Baile Áth Cliath,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirín Ní Tuarthail
    Inscne
    Baineann