Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Suíomh:
- An Clochán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Peadar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sean-bhean ann fadó agus b'é baramhail gach uile dhuine go raibh go leor airgid aici. Bhí inghean amháin aici agus tar éis tamaill phós sgafaire d'fhear óg í mar shúil'r go mbeadh airgead na caillighe aige tar éis a bais, ach nuair a fuair sí bás achar gearr ina dhiaidh sin, níor fritheadh pighinn ina diaidh, rud do chuir iongnadh ar gach uile dhuine.
Bhí go maith 's ní raibh go h-olc. D'fhan an sgéal mar sin nó gur cuireadh an corp. An oidhche tar éis na sochraide do bhuail sean-bhacach isteach sa teach ag an lánamhain óig agus d'iarr sé lóistín na hoidhche orthu agus fuair sé sin agus fáilte. Tar éis suipéir agus iad 'na suidhe cois na teineadh, d'fhiafraigh an sean-fhear cé'n fáth a raibh siad chomh bocht 's bhíodar nó ar fhág an chailleach dada ina diaidh?
Níor fhág, ná feoirling' ars an bhean óg. Agus ar thug sí comhartha no teachtaireacht ar bith ar uair a báis daoibh i dtaobh a cuid airgid? ars' an sean-fhear. 'Níor thug', ars' an inghean "cé's muite gur fhág sí le hudhacht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirín Ní Thuathail
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Clochán, Co. na Gaillimhe