Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán

Suíomh:
An Clochán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSr. M. Peadar
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0004, Leathanach 407

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0004, Leathanach 407

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Leathanach 407
  3. XML “Scéalta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fuair sean-bhean marcaidheacht i ngluaisteán agus bhí eagla an domhain uirthi. Chuireadh an tiománuidhe a lámh amach tríd an bhfuinneoig go minic chun fógra éigin do thabhairt do ghluaisteáin eile taobh thiar de. Mhéadaigh sin ar eagla an sean-mhná. Fé dheire bhris ar an bhfoidhne aici. "A dhuine chóir", ar sise leis an tiománuidhe "tabhir aire don ghluaisteán agus inneosfad-sa duit má thosnuigheann sé ag báistigh.
    Bhí an gárda ag breacadh síos nótaí tar éis do capall marbh d'fhagháilt i lár Sr. Nassau ach níor fhéad sé "Nassau" do litriú. Ar deire ghlaoidh sé ar an sáirsint. "Hy, a sháirsint," ar seisean, "cabhraigh liom an t-ainmhidhe seo do tharraingt isteach i Sr. an Dáma."
    Carmel Ní Fhearghail,
    An Clochán,
    Co. na Gaillimhe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Carmel Ní Fhearghail
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Clochán, Co. na Gaillimhe