Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán

Suíomh:
An Clochán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSr. M. Peadar
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0004, Leathanach 432

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0004, Leathanach 432

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Leathanach 432
  3. XML “Amadán Choilleach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amadán Cuilleach
    Bhí amadán i gCuilleach baile atá i bhfuighseacht dhá mhíle de'n Líneán. Bhí fear ag imtheacht ag tógáil cíosa agus bhí agus bhí sé ag imtheacht nó go dtáinig go dtí Cuilleach san áit a raibh an t-amadán in a comhnuidhe. Tháinic sé isteach i dteach an amadáin agus chroch sé a chóta ar cúl an dorais agus chroch sé a hata ar phionna a bhí san mballa. Leag sé a mhála airgid ar an mbord agus a chuid leabhar. Bhí féasóg mór fada air síos go dtí a bhásta. Thosuigh na míoltógaí luighe ar a phlait agus thosuigh an t-amadán ag rith ar na míoltógaibh. D'éist an t-amadán leis na míoltógaibh nó go raibh suas le scór aca ar a cheann. Fuair sé túairigín agus bhuail sé an duine uasal agus mharbhuigh sé é.
    Thug an mháthair agus an t-athair an duine uasal agus chuireadar é. Bhí an t-amadán ag faire orra. Bhí fhios aca go n-innseóchadh an t-amadán orra agus nuair a bhfuair siad an t-amadán in a chodhladh thógadar an duine uasal agus chuireadar gabhar in a áit. Nuair a bfada le na muinntir ag baile go raibh sé ag tigheacht. Tháinic siad ar a thúairisc agus nuair a tháinig
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1600: The Fool as Murderer
    Teanga
    Gaeilge