Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Suíomh:
- An Clochán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Peadar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scéal faoi beirt fhathachBhí beirt fhathach ann fadó agus sé an t-ainm bhí ortha Glug agus Clug . Bhí Glug chomh h-árd is nach raibh tada le feiceáil idir mullach a chinn agus an spéir is bhí Clug chomh leathan le coca féir. Chuile uair a mbíodh an bheirt fhathach ag dul thart cheapadh na daoine go bé an oídhche a mbíodh ann mar bhídís ag clúdughadh na gréine.
Bhí chómhnaidhe ar an mbeirt fhathach suas sa gcnoc i dteach mór millteach is ní bhfágadh siad cearc ná muc ná bó ag na ndaoine nach ngoideadh siad is nach n-itheach siad. Chuir an rí amach na h-airm ab fhearr a bhí aige in aghaidh ach ba ghearr a sheas siad go Glug agus go Clug.
Chuir an rí amach fógra ar deire aon duine a mharbhóchadh an dá fhathach go bhfuigheadh sé rud ar bith ba leis. Bhí baintreabhach san áit is bhí aon mhac amháin darb ainm Seán. Bhí misneach mór ag Seán agus dubhairt sé go gcuirfeadh sé deire leis na fathaighibh.
Bhí dá pheata aige luch agus beach agus bhí a dóthan saighdiúirí ionnta leis na fathaibh a mharbhú. Nuair a bhí na fathaigh 'na gcodladh chuaidh Seán go dtí an teach é féin agus an luch agus an bheach. Chuir an luch poll sa doras is chuaidh sé féin agus an bheach isteach is d'fhán Seán taobh amuigh.
Chuaidh an luch go dtí Glug agus bhain sí greim(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Giobúin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Clochán, Co. na Gaillimhe