Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Suíomh:
- An Clochán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Peadar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scológ na Feasóige Liath
Bhí mac Rí fadó ann, agus is fadó bhí. Bhí a athair caillte, agus dubhairt sé go mbeadh sé ag imcheacht leis an bhfairrige seacht blian go bhfeicfheadh sé ce'n leas a bfuigheadh sé as. Bhí sé in a shuide sa bhun aille lá 's é a'breathnú amach ar an bfairrige. Connaic sé curaicín lom luadh ag teacht air. Tháinig an fear ag cainnt le mac Rí in Éirinn. "A' imreóchaidh tú cluithche cárta liom"? ars sgológ na feasóige liath. "Imreochaidh mé" ars Mac Rí in Éirinn". Bhí an céad cluithche ag an scolóig. Cuir do geasa anios adubhairt Mac Rí Éirinn. Cuirfidh mise geasa droma draoidheacht ort-sa. Gan an darna béile a itheadh ar aon deis, ná an darna h-oidhche ar aon leabaid ná go bfuighe tú mise amach sa domhan leat. D'imigh sé leis annsin, is a curaicín lom luadh leis. Tháinig Mac Rí Éirinn abhaile é dubhac brónach. Is cosamhail le Mac Rí thú a bheadh geasaí eicint air, ars an t-athair leis. Ce'n sort geast atá ort a mhic? Tháinig scológ(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Neans Ní Mhuiris
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Padraig Ó Tuarthail
- Inscne
- Fireann