Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Suíomh:
- An Clochán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Peadar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- NA DAOINE MAITHE
Tá daoine maithe ann chomh farsaing agus tá séir ar thalamh a déarfas cuid do na daoine. Ach tá daoine eile ann nach gcreideann go bhfuil a leitheide ann ar aon chor ar an dream seo a chreideas iad. Chloisfeá a lán sgéalta is aistighe ná a chéile aca ina dtaobh a chuirfeadh iongnadh agus uathbhas ar dhuine.Go deimhin leis an gcaoi a mbíonn siad a trácht orra shílfeá go bhfuil aithne agus eolas aca orra agus gur comharsanaí leo iad.Tá siad ag maireachtáil mar muid féin a deir siad, Bíonn siad ag obair is ag luadhainn. Ag ithe is ag ól, ag rith rásaí agus gealta. Ag bualadh báire agus cluaighthe aca ag troid in aghaidh a chéile agus ag iarraidh an bhuachtáil fhághail ar a chéile. Nach minic a gcathas fuil ar na clocha in áiteacha nach iad an sluagh sidhe nó na daoine maithe a béad tréis chath míllteach a thabhairt in aghaidh a chéile. Ach tá bealach mór eile leo tugann siad daoine saoghaltha leo cuca féin. Daoine fhághas bás go han-óg deir siad gur iad a thugas leo iad. Ach deir siad nach bhféadfadh siad aon duine a thabhairt leo nó go ndéantar droch-shúil dhó nó dhi. Ansin arduigheann na daoine maithe leo an duine sin agus fágann siad siníste a bíos ag dul go leath thaobh orra féin in áit sin agus munar a cheapadh gurb é a nduine féin atá i gcomhnuidhe aca ann. Tá cuid don tsluagh sidhe a bhíos ar olc le daoine agus cuid eile aca a bhíos ar mhaithe le daoine agus a chuirfeadh duine ar an eolas agus ar an gceart. Is maith leo iad féin a sás freisin. Ní maith leo daoine saoghalta a dhéanann aon nídh a chuirfeadh múisiam ná mairg orra.(leanann ar an chéad leathanach eile)