School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 458

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 458

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Page 458
  3. XML “Na Daoine Maithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. NA DAOINE MAITHE
    Tá daoine maithe ann chomh farsaing agus tá séir ar thalamh a déarfas cuid do na daoine. Ach tá daoine eile ann nach gcreideann go bhfuil a leitheide ann ar aon chor ar an dream seo a chreideas iad. Chloisfeá a lán sgéalta is aistighe ná a chéile aca ina dtaobh a chuirfeadh iongnadh agus uathbhas ar dhuine.
    Go deimhin leis an gcaoi a mbíonn siad a trácht orra shílfeá go bhfuil aithne agus eolas aca orra agus gur comharsanaí leo iad.
    Tá siad ag maireachtáil mar muid féin a deir siad, Bíonn siad ag obair is ag luadhainn. Ag ithe is ag ól, ag rith rásaí agus gealta. Ag bualadh báire agus cluaighthe aca ag troid in aghaidh a chéile agus ag iarraidh an bhuachtáil fhághail ar a chéile. Nach minic a gcathas fuil ar na clocha in áiteacha nach iad an sluagh sidhe nó na daoine maithe a béad tréis chath míllteach a thabhairt in aghaidh a chéile. Ach tá bealach mór eile leo tugann siad daoine saoghaltha leo cuca féin. Daoine fhághas bás go han-óg deir siad gur iad a thugas leo iad. Ach deir siad nach bhféadfadh siad aon duine a thabhairt leo nó go ndéantar droch-shúil dhó nó dhi. Ansin arduigheann na daoine maithe leo an duine sin agus fágann siad siníste a bíos ag dul go leath thaobh orra féin in áit sin agus munar a cheapadh gurb é a nduine féin atá i gcomhnuidhe aca ann. Tá cuid don tsluagh sidhe a bhíos ar olc le daoine agus cuid eile aca a bhíos ar mhaithe le daoine agus a chuirfeadh duine ar an eolas agus ar an gceart. Is maith leo iad féin a sás freisin. Ní maith leo daoine saoghalta a dhéanann aon nídh a chuirfeadh múisiam ná mairg orra.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Folktales index
    AT0500: The Name of the Helper
    AT0501*: “The Fairy Hill is on Fire!”
    Language
    Irish