Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Suíomh:
- An Clochán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Peadar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tomás, ''is gearr ó fuair mé féin iad. Bó a bhí ar dtús agam agus seo iad atá anois agam.'' Bhí an fear le Tomás go deo nó go dtug sé an dá ghé agus dhó ar an dá lacha ar an dá lacha agus bárdal. D'imthigh Tomás leis nó go casadh fear eile dhó a raibh dhá chirc agus coileach aige. ''Béarfaidh mé an dá chird agus coileach duit ar an dá lacha agus bárdal.''
Bhí sé le Tomás go deo nó go dtug sé an dá lacha agus an bárdal don fear ar an dá chirc agus coileach. D'imthigh Tomás leis go casadh fear dhó araibh tuagh maol manntach aige. ''Béarfaidh mé an taugh duit ar an dá chirc agus coileach.'' Bhí sé le Tomás nó go dtug sé an dá chirc agus coileach dó ar an tuagh. Bhí Tomás ag teacht abhaile leis an tuagh. Bhí sé ag dul thar abhann agus chaith sé an tuagh ar an taobh eile den abhainn acht cá thuit an tuagh acht síos san abhainn.
Bhí Tomás chomh dona is a bhí sé ariamh annsin. Casadh tighearna talmhan do Thomás agus d'fhiafruigh sé dhó cén fáth a raibh an tuagh aige. Dubhairt Tomás ''Bhí bó agam ar dtús agus thug mé an bhó ar ghabhar agus pocaide.'' ''Cá bhfuil an gabhar agus pocaide anois?'' adubhairt an tighearna talmhan. ''Thug mé iad ar dá chaora agus réithe.'' ''Cá bhfuil an dá chaora agus réithe anois?'' ''Thug mé ar dhá ghé agus ganndal iad.'' ''Cá bhfuil an dá ghé agus ganndal anois?'' adubhairt an tighearna talmhan. ''Thug mé iad ar dhá(leanann ar an chéad leathanach eile)