School: Clochar na Trócaire, An Clochán

Location:
Clifden, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Peadar
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 453

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 453

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, An Clochán
  2. XML Page 453
  3. XML “Tomás Mac Amainaidhe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Tomás, ''is gearr ó fuair mé féin iad. Bó a bhí ar dtús agam agus seo iad atá anois agam.'' Bhí an fear le Tomás go deo nó go dtug sé an dá ghé agus dhó ar an dá lacha ar an dá lacha agus bárdal. D'imthigh Tomás leis nó go casadh fear eile dhó a raibh dhá chirc agus coileach aige. ''Béarfaidh mé an dá chird agus coileach duit ar an dá lacha agus bárdal.''
    Bhí sé le Tomás go deo nó go dtug sé an dá lacha agus an bárdal don fear ar an dá chirc agus coileach. D'imthigh Tomás leis go casadh fear dhó araibh tuagh maol manntach aige. ''Béarfaidh mé an taugh duit ar an dá chirc agus coileach.'' Bhí sé le Tomás nó go dtug sé an dá chirc agus coileach dó ar an tuagh. Bhí Tomás ag teacht abhaile leis an tuagh. Bhí sé ag dul thar abhann agus chaith sé an tuagh ar an taobh eile den abhainn acht cá thuit an tuagh acht síos san abhainn.
    Bhí Tomás chomh dona is a bhí sé ariamh annsin. Casadh tighearna talmhan do Thomás agus d'fhiafruigh sé dhó cén fáth a raibh an tuagh aige. Dubhairt Tomás ''Bhí bó agam ar dtús agus thug mé an bhó ar ghabhar agus pocaide.'' ''Cá bhfuil an gabhar agus pocaide anois?'' adubhairt an tighearna talmhan. ''Thug mé iad ar dá chaora agus réithe.'' ''Cá bhfuil an dá chaora agus réithe anois?'' ''Thug mé ar dhá ghé agus ganndal iad.'' ''Cá bhfuil an dá ghé agus ganndal anois?'' adubhairt an tighearna talmhan. ''Thug mé iad ar dhá
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1415: Lucky Hans
    Language
    Irish