Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Mhór
- XML Leathanach 085
- XML “Scéalta Greannmhara”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)do clocha beaga, agus chuaidh sé go dtí crann mór a bhí gar do. Do chuaidh sé suas go barr an crainn annsin. Ní raibh sé i bhfad ann,go bhfaca sé trúir fathac ag teacht. Nuair a thainig siad i ngar den cúirt caith Jack cloch, agus bhuail sé duine do na fathacaí. “Ma buaileann tu mise aríst” arsa duine do na fathacaí leis an gceann,”bainfeadh mé an ceann díot”. Ba gearr gur buaileadh cloch eile air. Bhain sé an ceann dá driotháir. Annsin d’imigh leis an beirt acu go dtí an cúirt agus tug siad gualann ar gach taobh de agus leagadar í. Annsin d’imigh leis an beirt acu abhaile. Do thainig Jack anuas annsin agus tug sé leis rópa agus cuir sé amach i gcluais an fathach é. Annsin thosaigh sé ag tarraingt an clogan in a dhiadh no go dtainig sé go dtí palás an Rí. “Is tusa an fear is fearr gá bhfaca mé aríamh” arsa an Rí. Ní raibh Jack i bhfad istigh no go ndeachaidh sé a codhladh, agus dubhairt sé leis an Rí é a dhuiseacht tráthnóna De Satharn. Annsin dhúisigh an Rí é agus chuaidh sé go dtí an cúirt agus fuair sé lán a phóca go clocha beaga agus chuaidh sé suas go barr an chrainn agus buail sé duine do na fathacaí. “Ma buaileann tú mise aríst” arsa ceann de fathacaí leis an gceann eile “bainfidh mé an ceann díot”. Is gearr go buaileadh cloch eile air”. Rug sé ar a cliamh agus bhain sé an ceann dhá dhriothar. Annsin chuaidh sé go dtí an cúirt(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Beartlí Ó Chlochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Sean Ó Chlocartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe