Scoil: Árd Mhór

Suíomh:
An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádhraic Ó Gleasáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 067

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 067

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd Mhór
  2. XML Leathanach 067
  3. XML “Scéalta Greannmhara”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear an fadó agus ní raibh aige ach aon mach amháin. Bhíodar an lá seo amach ar an bhfairrge. Ba gheárr gur dubhairt an mach leis an athair "an bhfeiceanntú an currach sin atá ag déanamh orainn. Tá buille is fiche uirthi agus níl innti ach aon fhear amháin, agus dom iarradh atá sé sin. Acht pé acar a leighfeas tú mise uait abair leis me thabhairt ar áis nuair a bhéas an lá cáirde thuas." "Déanfaidh sin" adeir an t-athair. Nuair a tháinig fear an curraighe suas leobh dubhairt sé leis an athair, "Tiubhar domh do mhach" ar seisean "go ceann lá is bliadhain." Tiubharfad" ars an t-athair "acht tiubhar ar áis arist é nuair a bhéas an lá is bliadhan suas". "Tiúbharfad" ar seisean. Nuair abhí an lá is bliadhain suas, bhreathnuigh an sean-fhear amach agus chonnaic sé an mach ag teacht agus an fear i n-éindigh leis agus d'fhiafruigh sé de "A' dtiúbharfaidh tú dom ar feadh lá is bliadhan eile é." "Tiubharfad" ars an sean-fhear" acht a dtiubharfaidh tú ar ais aríst é nuair a bhéas an lá cáirdhe thuas." Tiúbharfidh" ars an fear. Nuair abhí an lá is bliadhain suas thóg sé ar ais é, agus anois adeir seisean "a tiúbharfaidh tú ar feadh lá is bliadhain eile
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peigí Ní Chuáláin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Bairbre Ní Chuáláin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe