Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Mhór
- XML Leathanach 066
- XML “Scéalta Greannmhara”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sáighthe suas aige. Annsin tharraing Tomás é nuair a dirigh sé an t-urchad agus chaith sé é faoi an fuinneogh ar an taamh agus dimthigh sé féin i bfolach ar chúl an tighe. Bhí Séan ag breathnúghadh ar an bfuinneóg agus ní fhacha sé Tomhas aon uair. Faoi cheann tamhall do chuimhnigh Seán go raibh Tomas marbúghadh aige agus do phreabh sé amach as an leabaidh ag chuaidh sé amach ar an sraidh agus thosuigh sé ag tóruigheacht Thomáis ach sa deire fuair sé é sínte marbhúghadh faoi an fhuinnéog. Ach ár ndóig ní hé a bhí ann ac an corp a fuair Tomás san roilig. Mar sin fhéin do cheap sé gurbh é Tomás a bhí ann. Do chuimhnigh sé é a chur san gairdín. Bhí sé ag cainnt leis fhéin i bfadh agus bhí cluas ar Thomhás ag éisteacht leis. Do chuir sé an corp san gháirdín agus nuair a bhí sé curta aige tháinigh sé isteach agus céard a d'feiceadh sé ach Tomás in a shuidhe ar an gcataoir agus an bráitlín faoi'n asgall aige. Dubairt Seán leis imteacht uaidh go raibh sé marbúghad agus dubairth Tomás nach raibh ach go raibh an céad púnt saoruighthe aige agus go gcaitfheadh sé é a fághailt. Níor creid Seán go bé Tomás a bhí ann ach nuair a d'innis sé a sgéal dó. Chaith Tomás an céad punt d'fághail ó Séan as uct an bráitlín do ghoidh uaidh.
- Bailitheoir
- Bríghidh Ní Mhaoilchiaráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Caladh Mhaínse, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Feicín Ó Chualáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Caladh Mhaínse, Co. na Gaillimhe