Scoil: Árd Mhór

Suíomh:
An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádhraic Ó Gleasáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 017

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 017

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd Mhór
  2. XML Leathanach 017
  3. XML “Scéalta faoi Chistí Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó agus oidche amháin tháinig brionglóid aige go raibh pota óir i bhfolach i n-áit ar a dtugaidhis Locha Buidhe. Thainig an brionglóidh ceanna aige trí oidhche indiaidh a chéile ach an triomhad oidhche dubhairt sé go rachad sé ann. Ní raibh aon mhaith i n-aon brionghlóidh san am fadó már a mbhéadh sí ag duine trí oidhche indhiaidh a chéile. Bhí sé gá rádh leis san mbrionglóidh nuair a bhéadh sé ós chionn an áit a raibh an t-ór gan aon fochal chainnthe a dhéanamh agus gan aoinne a bheith leis. Oidhche amáin dubhairt sé go rachfaidh sé ann féachaint a raibh an t-ór ann. Nuair a bhí sé an dó-dhéag a chlóg san oidhche socruigh sé dul go dtí an áit. Bí gasúr beag san teach leis agis ní fhanfadh sé san teach leis féin agus toshnuigh sé ag chaoineadh. Ní raibh táda le deanamh aige ach é thabhairt leis ar a druimh. Bhí siadh ag siubhal agus ag síor siubhal go dtáinigh sé go Locha Buidhe. Bhí sé ráidthe leis san mbrionglóidh go raibh péasth ag faire an óir. Bhí bhalla mór ar bhord na locha agus leagh sé an gasúr isteach ann agus chuaidh sé féin i gconnibh an óir. Ní raibh ceadh aige aon fochal cainnte a labhairt anois. Thosnuigh sé ag cartadh nú go bfacha sé ceann na péiste ag le na taobh bhí an póta óir.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Ní Cheannabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tómas Ó Cheannabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe