School: Árd Mhór
- Location:
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó Gleasáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann fadó agus oidche amháin tháinig brionglóid aige go raibh pota óir i bhfolach i n-áit ar a dtugaidhis Locha Buidhe. Thainig an brionglóidh ceanna aige trí oidhche indiaidh a chéile ach an triomhad oidhche dubhairt sé go rachad sé ann. Ní raibh aon mhaith i n-aon brionghlóidh san am fadó már a mbhéadh sí ag duine trí oidhche indhiaidh a chéile. Bhí sé gá rádh leis san mbrionglóidh nuair a bhéadh sé ós chionn an áit a raibh an t-ór gan aon fochal chainnthe a dhéanamh agus gan aoinne a bheith leis. Oidhche amáin dubhairt sé go rachfaidh sé ann féachaint a raibh an t-ór ann. Nuair a bhí sé an dó-dhéag a chlóg san oidhche socruigh sé dul go dtí an áit. Bí gasúr beag san teach leis agis ní fhanfadh sé san teach leis féin agus toshnuigh sé ag chaoineadh. Ní raibh táda le deanamh aige ach é thabhairt leis ar a druimh. Bhí siadh ag siubhal agus ag síor siubhal go dtáinigh sé go Locha Buidhe. Bhí sé ráidthe leis san mbrionglóidh go raibh péasth ag faire an óir. Bhí bhalla mór ar bhord na locha agus leagh sé an gasúr isteach ann agus chuaidh sé féin i gconnibh an óir. Ní raibh ceadh aige aon fochal cainnte a labhairt anois. Thosnuigh sé ag cartadh nú go bfacha sé ceann na péiste ag le na taobh bhí an póta óir.(continues on next page)
- Collector
- Sorcha Ní Cheannabháin
- Gender
- Female
- Address
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Informant
- Tómas Ó Cheannabháin
- Gender
- Male
- Address
- An Aird Mhóir, Co. Galway