Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear an fadó agus sé an t-ainm a bhí air ná Tomás Buidhe Úirid, agus sé an áit a bhí in a comnaidhe na i n-Úirid. Níor cuir Tomás aon sum i rud ar bidh agus sé an obair a bhiodh air na ag innseacth sgéalta. Lá amain bhí sé an imtheacht leis an bothair. Sa deire tháinig sé chomh fada lé báile mór Luimnigh. Más fada nó geárr a caith sé dúl an béalach seo tháinig sé isteach ar droicheadh Luimnigh lé breacadh an lae. Ní raibh muinntír an bháile mhóir na suidhe, agus cheap sé támall de'n mhaidin a leigean thart istheach i súil a bhí ar an droichead. Dísligh sé síos agus isteach leis fáin t-súil, agus an céad rud a bhí annsin roimhe acht gréasaidhe brág, agus é ag obair ar a seacht míle dícheall chomh moch sin ar maidin. Bheannuigh Tomás do, agus bheánnuigheadhar féin dá chéile. Taréis tamall dóibh ag caint d'fhiafhruigh an gréasaidhe de céardh do thug an bealach seo é mar bhí a fíos aige go maith gur strainséal a bhí ann, agus go raibh sé táréir aísdear fada a thabhaith. "Maise" adeir Tomás "ó d'fhiafruigh tú dhiómh é, agus fhiafhruighis innseochaidh mé sin duith", agus dinnis sé dó faóin sgéal a bhíodh ag an duine a bhíodh ag teacht(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Peigí Ní Chuáláin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Chuáláin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe