Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0450](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0061%2FCBES_0061_0450.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0450
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)féin dhúisigh Tadhg, agus chonnaic sé cul' an bhac' air. "A" adeir T. "ní mé atá ann chor ar bith! Ach tiocfa mé ag a' teach," adeir sé.... Thosaigh na madraí a' tafann agus ag 'uil a' breith air. Bhagair a' bhean ar na madraí. "Ní mé atá ann chor ar bith," adeir sé 'ríst. "Glacaim párdún agad a bhean," adeir sé, "ach sílim gur mé fear a' tighe seo. Ach glacaim párdún a'd," adeir sé,"dá mba mé fear a' tighe seo, ní hé an feisteas seo bheadh orm."
"Ó ní tú bhí annseo indé" adeir an bhean.
D'imthigh sé ó n-a theach le leadhbaireacht ach dubht. sise leis teacht arís amáireach.
Tháinic Liam isteach go dtí na bhean héin. D'iarr sé a bhéilidhe uirri.
"Níl tú ag iarraidh aon bhéilidhe agus tú ag 'uil 'na flaithis amáireach" adeir sí. "Gabh siar ar do leabaidh go bhfagha tú bás." Chuaidh.
Chuaidh sí siar annsin a' breathnú air. "Dún do shúile" adeir sí, "nó tiocfa rud faoi do shúile agus beidh tú caoch sna flaithis."
Chuaidh an sgéal amach annsin go raibh Liam básuighthe (básaí). Chruinnigh 'n t-sochruide ann.
Tháinic Domhnall isteach go dtí na bhean féin. "Tuige nach ndeacha tú," adeir a' bean, "ar a' sochraide? - ar shochruide do dhreára," adeir sí.
"Níl aon éadach agam le h-aghaidh sochruide," adeir Domhnall.
"Bain díot a' bhfuil g' éadach ort," adeir sí. "Fuair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Éamonn Ó Finneadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- An Lochán Beag, Co. na Gaillimhe