Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- XML Leathanach 0296
- XML “Déardaoin Dearg”
- XML “Madra Allta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ann fadó agus bhí ceathar inghin aici. Lá amháin chuaidh an bhean chuig a' bhfigheadóir a' deilbh. Nuair a bhí an t-éadach réidh rinne an inghin is sine cóta di féin. Ní raibh an cóta i bhfad aici nuair a cailleadh í. Chuir an dara inghin an cóta uirthi féin agus ní raibh sé 'bhfad aice sin ach oiread nuair a cailleadh í. Chuir an treas inghin an cóta uirthi féin agus thárla an rud céadna di. Bhí an mháthair agus an inghin eile go brónach i na ndiaidh. Bhí an inghin seo ag a' sruthán (srán) lá a' nigheachán an chóta. Chonnaic sí cailleach ag déanamh uirthi. "Caith uait a' cóta sin," adeir a' chailleach, "mar is Diardaoin Dearg a deilbheadh an cóta sin agus duine ar bith a chuireas éadach air féin a deilbheadh an lá sin ní (i) bhfad é a shaoghal agus ní bheidh an t-éadach caithte go deó."
- Bhí madarallta san áit seo fadó agus bhí sé an-chríonna. Bhí sé ráidhte dá gcasadh sé do dhuine agus é 'spáint sgian cois bhán dó nach mbacfadh sé leis. Aon lá amháin bhí fear ag dul go Magh Cuilin agus chas sé leis. 'Spáin a' fear sgian do a raibh cois bhán innti, agus d'imthigh an madarallta leis ansin. Is gear gur chas fear eile do'n fhear seo agus d'fhiafruigh sé dó a' raibh aon sgian cois bhán aige, agus dubht. sé go raibh. Thug a' fear dó ansin an sgian a bhí aige féin, agus bhí sé féin annsin gan aon sgian. Is gear gur chas a' madarallta leis a' bfear a fuair a' sgian. Nr. a chas d'aithin an madarallta an sgian. Rith sé leis ar an bpoinnte. Tháinic sé suas leis an gcéad fhear agus mharbhuigh sé é.
- Bailitheoir
- Séamus Ó Coincheanain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Púirín, Co. na Gaillimhe