Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear fadó ann agus bhí sé ag obair ag duine uasal agus bhíodh mac an fhir ag teacht ag teach an duine uasail. Bhíodh sé ag goid go leór as an teach. An lá seo ghoid sé sgeana óir agus farcanna óir. Dubhairt an duine uasal go gcaithfeadh sé é a chrochadh nó chur dhá chois. Dubhairt an fear annsin dhá mbeadh sé indon an bhráithlín a ghoid ó na thaobh féin agus a bhean go mbeadh sé saor. - "Caithfidh tú tríáil bliadhna a thabhairt dhom" adeir an gasúr, "le ghabháil a fóghluim gaduitheachta." "Tiubhradh," adeir an t-athair. D'imthigh leis an ngasúr go dtáinic sé isteach i dteach. Bhí sean chailleach istigh roimhe agus d'fhiafhruigh sí go'n ghasúr cé raibh sé a gabháil. "Ag foghluim gaduigheachta," adeir seisean. "Tá triúr mac liom-sa na ngaduighthe," adeir sise, "agus is gearr go mbeidh siad isteach.
Ba ghearr go dtáinic siad isteach agus bhí uaireadóir goidthe ag duine aca. Ní raibh siad i bhfad istigh nuair a dfhiafhruigh siad de'n gasúr cé raibh sé a g'uil. D'inis seisean(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Cearra
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Tuathail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 30
- Seoladh
- Na hAille, Co. na Gaillimhe