Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí rí ann fadó agus ní raibh aige ach aon mhac amháin. Cailleadh a mháthair nuair a bhí sé an-óg. Dubhairt an mháthair agus í ag fágháil bháis gaon aon duine(sic) a chuir ós cionn an mhic. Nuair bhí an mac mór cuireadh chuig coláiste é. Nuair a bhí sé imthighthe phós an rí in ath-uair. Tháinic an mac abhaile agus bhí féin agus an bhanríoghan an-mhór le chéile. An lá seo, nuair a bhí an rí amuigh ag fiadhach bhí cailleach ag siubhal an t-sráid agus chonnaic sí an mac agus an bhanríoghan. "B'fhéidir", adeir sí, "gurab é sin a chuirfeadh de ("go") do chois fós thú bádh chóra dhuit fagháil réidh in am leis."
Nuair a tháinig siad isteach chuadar ag imirt. Ghnóthuigh an mac a chéad chluiche. Ghnóthuigh an bhanríoghan an dara ceann. - Cuirim faoi gheasa thú, adeir sí, a dhul agus a leithéide seo d'inghin a phósadh.
- Cuirimse faoi gheasa thusa, ar seisean, tú féin agus an chailleach cearc a dhul suas go barr an tower sin amuigh agus gan greim le n-ithe agaibh ach an gráinnín a bhéas ar barr an deis eorna agus gan deóir le n-ól agaibh ach an braoinín a thuiteas as an aer isteach in a (bhur) mbéal.
D'imthigh leis féin ar a chapall. Nuair a bhí sé ag siubhal sgaith' casadh an t-athair leis agus é féin agus righte eile ag fiadhach. D'aithin an t-athair é. - Ó is cosamhail adeir sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Colm Ó Dioláin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máirtín Frainc Ac Confhaola
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe