Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- XML Leathanach 0209
- XML “Scolóigín na Féasóige Liath agus Mac na Baintrí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ach aon nduine amháin. Cé bheadh ann ach Sgolóigín na Féasóige Liaith! -Go mbeannuighidh Dia dhuit a Sgolóigín na Féasóige Liaith, ar seisean.
-Go mbeannuighidh Dia 's Muire dhuit a mhic na baintreabhaighe, ars an Sgolóigín. -An imreóchthá cluiche cártai a Sgolóigín?
-Ní misde liom, a mhic na baintreabhaighe, ars an Scolóigín.Himrigheadh an cluiche agus ghnothuigh mac na baintreabhaighe. Ar maidin la'r na bháireach thit an rud céadna amach is do thit an la roimhe sin, ach an tríomhadh lá bhí an Sgolóigín 'un tosaigh ar mhac na baintreabhaighe agus 'sé ghnothuigh. Nuair do ghnothuigh chuir an Sgolóigín mar gheasa agus mar impidhe air a dhul go dtí teach a athar a bhí an oiread seo mílte as láthair... Tháinic mac na baintreabhaighe abhaile go brónach an oidhche sin, agus gan 'fhios aige cé bhfuigheadh sé teach athair an Sgolóigín.Acht an odhche seo tháinic brionglóid do mhac na baintreabhaighe agus sé an rud do bhí ins an mbrionglóid go mbeadh páirc caiple thíos cois cladaigh agus go bhfuigheadh sé srian i gcúinne de'n pháirc, agus í sin do chraitheadh trí h-uaire, agus an tríomhadh uair do chraithfeadh go dtiocfadh bromaichín beag agus gur dó a bheadh an t-srian feilteach. Ar maidin níor bhain mo dhuine méar dhá shrón nó gur shroich sé an pháirc agus gur thuit amach amhlaidh mar bhi ins an mbrionglóid an oidhche roimhe sin aige.D'imthigh leis ar an mbromaichín, agus é ag imtheacht ar nós na gaoithe-ag teacht suas leis an ngaoith bhí roimhe, ag teacht suas leis an ngaoith Márta bhí caithte agus ag imeacht ó'n ngaoith Mhárta a bhí ag teacht, nó go dtáinig sé go dtí teach fathaigh bhí i lár coille. Chuaidh sé isteach agus bheannaigh agus d'fhiafruigh de'n fhathach a'raibh aon tuairisg(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádhraic 'Ac Thuaithealáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 26
- Seoladh
- An Teach Mór, Co. na Gaillimhe