Scoil: Gort na Léime (uimhir rolla 13012)
- Suíomh:
- Gort na Léime, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó Ceallaigh

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0037, Leathanach 0299
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort na Léime
- XML Leathanach 0299
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean Scéal.Lá amháin bhí Gobán Saor agus a mhac ag siúbhal an bóthair. Bhí turas fada le siúbhal aca. Dubhairt Gobán Saor leis an mac "giorruigh an bóthar a mhic". Thosuigh an mach ag rith. Dubhairt Gobán Saor leis "mo léun thú a mhic." Nuair tháinic siad abhaile trathnóna. Dubhairt mac Gobháin Saor le n-a mháthair. D'iarr mo athair orm indiú an bóthar a ghiorrúghadh, Thosuigh mé ag rith, ach ní raibh sé sásta liom." Dubhairt an mháthair leis "nuair a déarfas d'athair leat an bóthar a ghiorrúghadh arís tosuigh ag innseacht scéal dó.
- Bailitheoir
- Micéal Ó Branáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Coill an Chaclaigh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Disgín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Coill an Chaclaigh, Co. na Gaillimhe
- Lá amháin casadh Naomh Pádhraig le Oisin, agus deirtear gur mhúin sé an fíor chreideamh dhó, agus gur bhaist sé é. Nuair bhí Naomh Pádhraig ag baisteadh Oisin thuit an bacall uaidh, agus bualadh ar chois Oisín é, ghearr sé é, agus bhí a chos ag tabhairt fhola. Nuair bhí sé baiste ag Naomh Pádhraig, thug Naomh Pádhraig fa deara go raibh an bacall sáidhte(leanann ar an chéad leathanach eile)