Scoil: Gort na Léime (uimhir rolla 13012)

Suíomh:
Gort na Léime, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Liam Ó Ceallaigh

Scag na scéalta

Siar
/ 0362 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
Gort na Léime | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0037, Leathanach 0288

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí fear ann aon uair amháin agus cuaidh sé ag goid caora. Bhi uan léi ach d'fág sé an t-uan in a dhiaidh nuair a d'iompuigh sé thart agus an chaora aige chualadh sé glór os a chionn thuas sa spéir. Aingeal Dé a bhí ann agus dubhairt sé ' íocfaidh' 'íocfaidh' más mar sin atá an sgéal ' dubhairt an fear tiúbharfaidh mé an t-uan liom freisin'

Bailitheoir
Deasmúmhan P. Ó Ceallaigh
Inscne
fireann
Aois
13
Faisnéiseoir
Máire Ní Fhlathbheartaigh
Inscne
baineann
Seoladh
Ceathrú an Traighle, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge

Bhí sean bhean ann fadó agus bhíodh an fhaithchios uirthí nad gcuirfidh bail ó dhia uirthí . Lá amháin tháinic sean fhear isteach sa teach ina riabh sí na cómhnaidhe dubhairt sé léi ' is maith atá tú ag féachaint indiu'. Dimthigh sé amach annsin ag féachaint ar ghamhain a bhí tinn. Nuair bhí sé imthighte amach dubhairt an t-sean bheen le bean a mic 'Tá mé réidh a mháire níor chuir sé bail ó Dhia ná ó Mhuire orm' Nuair tháinic an

(leanann ar an chéad leathanach eile)