Scoil: Gort na Léime (uimhir rolla 13012)
- Suíomh:
- Gortaleam, Co. Galway
- Múinteoir: Liam Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort na Léime
- XML Leathanach 0288
- XML “Scéal Grinn”
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann aon uair amháin agus cuaidh sé ag goid caora. Bhi uan léi ach d'fág sé an t-uan in a dhiaidh nuair a d'iompuigh sé thart agus an chaora aige chualadh sé glór os a chionn thuas sa spéir. Aingeal Dé a bhí ann agus dubhairt sé ' íocfaidh' 'íocfaidh' más mar sin atá an sgéal ' dubhairt an fear tiúbharfaidh mé an t-uan liom freisin'
- Bailitheoir
- Deasmúmhan P. Ó Ceallaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Fhlathbheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrowntryla, Co. Galway
- Bhí sean bhean ann fadó agus bhíodh an fhaithchios uirthí nad gcuirfidh bail ó dhia uirthí . Lá amháin tháinic sean fhear isteach sa teach ina riabh sí na cómhnaidhe dubhairt sé léi ' is maith atá tú ag féachaint indiu'. Dimthigh sé amach annsin ag féachaint ar ghamhain a bhí tinn. Nuair bhí sé imthighte amach dubhairt an t-sean bheen le bean a mic 'Tá mé réidh a mháire níor chuir sé bail ó Dhia ná ó Mhuire orm' Nuair tháinic an(leanann ar an chéad leathanach eile)