Scoil: Garán (uimhir rolla 11721)
- Suíomh:
- An Garrán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Garán
- XML Leathanach 0075
- XML “An Gabha agus an Cheárta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cloich. Bíonn casúr beag ag an gabhainn. Tá an ceardcha cosamhail le teach. Tá adhmad mar clúdach ar an gceardchain. Tá an doras atá ins an ceardchain déanta de adhmad freisin. Tomás Ó Maidín an t-ainm atá ar an gabha a bhfuil san áit seo. Tá a cheardcha suidhte i gCill Cáimín. Déanann sé rudaí as iarann. Déanann sé cruidhte as iarann. Cuireann sé cruidhte fé chapallaibh. Gearrann sé crúb an chapaill agus annsin cuireann sé an crudh anuas ar an crúb. Bíonn an crudh go h-an te acht ní ghortuigheann sé an chapall mórán. Tar éis dó an crudh te a chur ar crúb an chapaill buaileann sé na tairngí isteach le casúr. Déanann sé a lán rudaí eile freisin as iarann. Cuireann sé píosaí nuadh isteach i gcéachtaí nuair a bhíonn siad briste. Cuireann sé an iarann isteach ins an teine. Séideann sé an teine le na builg. Bíonn a lán rudaí aige leis an obair a dhéanamh. Bíonn órd(leanann ar an chéad leathanach eile)