Scoil: Garán (uimhir rolla 11721)
- Suíomh:
- An Garrán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Garán
- XML Leathanach 0074
- XML “An Gabha agus an Cheárta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tá sé i na chómhnuidhe i mBaile na Cúirte faoi láthair acht níl sé ag obair san gceardchain. Bíonn an gabha ag obair go cruaidh. Geibheann an gabha ceithre sgilling agus sé pingne nuair a chuireann sé ceithre cruidhte faoi chapall. Bíonn fásgtha ag teacht ó'n inneoin nuair a bhíonn an gabha ag bualadh an iarann te leis an órd. Nuair a bhíonn an gabha ag bualadh an iarann te leis an órd is féidir an torann a chloisint tuairim a's míle ó'n gceardchain. Ni thugann na daoine aon bronntanaisí do'n gabhainn. Bhí ceann tuighe ar an gceardchain a bhí ag Máirtín Ó Grádaigh. Bhí athair Thomáis Uí Maidín i na ghabhainn san gceardchain i na bhfuil Tomás i na gabhainn ann anois. Bíonn go leór cruighte ag Tomás Ó Maidín ins an gceardchain. Socruigheann sé roth cairt. Uaireannta bíonn go leór oibre le déanamh ag an gabhainn agus uaireannta eile ní bhíonn mórán oibre le déanamh aige ar chor ar bith. Tá gabha 'san pharáiste seo. Bionn ceardcha ag gach gabhann. Cuireann an gabha cruidhte ar capallaibh. Bíonn umhar ag an gabhainn agus bionn sé déanta de(leanann ar an chéad leathanach eile)