Scoil: Clochar na Trócaire, Baile an Róba
- Suíomh:
- Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)arb'fhearr leithi leath-cháca agus beannacht nó cáca agus malacht agus dubhairt sí go mb'fearr léithi leath-cháca agus beannacht. D'imthigh sí agus tháinig sí go dtí an teach ceadna agus d'iarr sí ar an gcailleach í a thógáil ar aimsir. Rinne. Chuaidh sí a codladh agus nuair a d'éirigh sí thug an bhean an sithleán dí agus dubhairt sí leithí a lán d'uisge a thabhairt dí. Chuaidh sí go dtí an tobar agus thosuigh sí ag caoineadh. Tháinig spideóg agus dubhairt sí leithí caoineach a chur taobh amuigh ar agus go gcoinneóchadh sé an t-uisge isteach. Chuaidh sí abhaile agus an t-uisge aici. Bhí an cailleach an t-sásta. Cuir sí an gearr-cháile ag cíoradh a cuid gruaige agus dubhairt sí leithi gan dearcádh suas an simléar már go raibh mála óir ann. Cuir sí an cailleach a codladh agus dhearc sí suas an simléar agus thuit an mála óir síos agus rith an gearr-cháile amach agus an mála óir aici. Nuair a bhí sí ag dul amach an doras bhuail sí a cos in aghaidh an bhuird agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bridie Moran
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Julia Moran
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Seoladh
- An Baile Trasna, Co. Mhaigh Eo