Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)

Suíomh:
Baile Láir, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh A. Mac Congáile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 044

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 044

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballylar
  2. XML Leathanach 044
  3. XML “Pósaithe”
  4. XML “Bainseacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    dadaidh le cluinstin acht ceol agus béicfea agus corr urchar a sgaoileadh as gunna. Nuair a thiocfadh cúram na bainse na bhaile bhéádh damhsa mór go maidín. Bhéadh rinnce, ceol agus ólachán ann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Ins an t-sean aimsir phóstaí an chuid is mó de na daoine ar na laethe roimhe an Chorgas. Deirtear gurbh é Dia Ceadaoine an lá is feárr sa t-seachtmhain le bheith pósta agus deirtear má phóstar duine Diardaoin go mbéidh mí-ádh air. Deirtear gur mí mí-ádhamhail é Bealtaine le bheith pósta. Phóstaí iad ins an t-séipeál ins an oidche. Nuair a bhéadh an lanamhain ag teacht 'na bhaile bhíodh na buachaillí uilig in a ndiaidh ag deánamh spóirt díobhtha.
    Chruinnuigheadh siad gach rud a dtiocfadh leó a fhágháil le teinidh a dheánamh. Dheánfadh siad amhrán fá gach lanamhain dá mbíodh siad rud beag amaideach. Leanfadh siad iad nuair a bhéadh siad ag gabhail
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. deasghnátha aistrithe saoil (~573)
          1. pósadh (~4,283)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Mac an t Saoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Seanach, Co. Dhún na nGall