Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)

Suíomh:
Baile Láir, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh A. Mac Congáile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 045

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 045

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballylar
  2. XML Leathanach 045
  3. XML “Bainseacha”
  4. XML “Aimsir na Géarleanúna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    na bhaile ag caitheamh sgratha ortha. Dheánfadh duine éiginteacht cleamhnas eatartha sul a bpósfaidhe iad. Nuair a bhéadh siad ag gabhail go dtí an t-séipeál rachadh an fear bealach amháin agus rachadh an bhean bealach eile ar eagla go leanfadh sealbhán de na buachaillí a bhí thart fá'n áit iad. Ní bhíodh bainfeis ar bith aca ins an t-sean aimsir. Thiocfadh siad na bhaile nuair a phósfaidhe iad agus bhéadh buideál uisge beatha leó agus thiocfadh cuid de na comharsanaigh isteach ná go nólfadh siad é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Ins an t-sean aimsir bhí droch-shaoghal ag na daoine nuair a bhí na péin dlighthe sa tír. Bhí teach i mBaile an Chnuic agus cuireadh amach as an teach na daoine a bhí beó ann. Dá mbíodh dhá theach ar an fheirm amháin chuirtí duine amháin aca amach. Cuireadh duine aca seo amach agus chuaidh an duine eile na h-oifige leis an chíos a dhíol. Ar maidin lá-ar na mhárach nuair a tháinig sé na bhaile bhí an teach dóighte agus ocht gcaoirigh de na chuid ar shiubhal. Bá
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Mac an t Saoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Seanach, Co. Dhún na nGall