Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)

Suíomh:
Baile Láir, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh A. Mac Congáile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 065

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 065

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballylar
  2. XML Leathanach 065
  3. XML “Áitainmneacha”
  4. XML “Áitainmneacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Casán na gCaorach. Sin casán a bhí ag na daoine i bhfad ó shoin. Rachadh na caoirigh go dtí an cnoc. Ba ghnáthach leis na daoine ainmhidhthe eile a chur amach ar an chasán chéadhna.
    Árd na Tonacán. Áit árd atá ins an áit sin. Ba ghnáthach le muintir an Oileáin na capaill a leigint annsin agus rachadh siad ar siubhal ar chosa i n-áirde.
    Árd na n-Árnaí. Sin rúta a fhásann ar an Árd sin. Árnaí an t-ainm atá ar an rúta. Thig bláth beag gorm ar an rúta seo gach bliadhain.
    Druim na Searra. Áit atá shíos ag an tráigh agus tugtar Druim na Searra air mar tá sé cosamhail le Druim Searraigh.
    Ceallbhaire. Roimhe seo ba ghnáthach leis na daoine a bhí na gcomhnaidhe shíos ins an Oileán páistí beaga nach raibh baistighthe a chur annsin.
    Sgoilt an Albanaigh. Marbhuigheadh Albanach annsin agus sin an fáth ar tugadh Sgoilt an Albanaigh air ó sin amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Árd Bán. Ins an t - samhradh éirigheann sé bán leis an gréin. Árdán Ruadh. Tá leach ruadh ann agus tá an t-ainm Árdán Ruadh air.
    Lag an tobair. Bhí Tobar ann agus sin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Baile Láir, Co. Dhún na nGall
    Bailitheoir
    Séamus É Mac an t Saoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Seanach, Co. Dhún na nGall