Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)

Suíomh:
Baile Láir, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh A. Mac Congáile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 092

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 092

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballylar
  2. XML Leathanach 092
  3. XML “Laethanta Áirithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Obair ar bith a chuirtear tús air Dia Sathairn bíonn sé fádalach a chríochnughadh. Nuair a thoisigheann duine ag treabhadh Dia Sathairn bíonn sé tamall maith go mbéidh sé críochnuighte.
    Níor choir do duine ar bith an t-eallach a leigint amach ar laethe na Riabhóige. Bíonn na laethe seo an fhuar agus dá leigfidhe amach an t-eallach bhainfidhe an craiceann daobhtha. Is é seo an tuige a tugadh laethe na Bó Riabhaighe ar na laethe seo. Nuair a chuaidh an Mharta amach chuir an Bhó Riabhach amach a teanga air. Annsin fuair an Mhárta trí laethe ar iasacht ó’n Aibrean leis an craiceann a bhaint duithe. Is iad na cead trí lá d’Aibrean laethe na Bó Riabhaighe.
    Tá sé crosta ar dhuine ar bith obair a dheánadh roimh an do dhéag ó chlog ar Aoine an Chéasta. Déirtí ma chuireann duine ar bith síl nó bárr ar bith eile ar an lá seo go dtiocfaidh sé ar aghaidh go maith.
    Tá sé Crosta im, no uibheacha no bainne a ghlacadh ar Aoine an Cheasta, no ar Cheadaoin na luaithe no ar Ceadaoin Bhraith.
    Ainmhidhe nó duine ar bith a thiocfadh ’un t-saogail ar Dhomhnach Cingcise deirtear go marbhóchaidhe iad no go marbhóchaidh siad. Duine ar bith a dheánfadh ath-chodladh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Cheallachain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile Láir, Co. Dhún na nGall