Bíonn cuid mhór lucht siubhail fá'n áit seo. Bhíodh dreamannaí darbh ainm Inbhir agus duine darbh ainm Bratóg a' Tae, Nancie Burns, Máire gé, Paddie Scoot, Eamon na nEochrach, Pat Inbhir agus a lán eile. Bhí Paddie Scoot as Rath Mealtáin agus tháinig an chuid is mó de'n mhuinntir eile as an toabh thiar de'n Chonndae.
Ba ghnáthach le Éaomonn na nEochrach agus Nancie Burns rudaí a dhíol. Dhíoladh siad iallacha agus pionnaí. Gheibheadh siad na h-earraidhe ins na siopaí thart fá'n áit. Bhíodh na h-earraidhe astoigh ingiota éadaigh agus d'imchuireadh siad ar a ndruim iad.
D'fhanadh siad fá thuairim seachtmhain thart fá gach pharóiste. Bíonn campaí aca anois i gcois na gclaoidheacha acht roimhe seo choinnigheadh na daoine astoigh in a gcuid toighthe iad. Bíonn biadh aca féin agus téigheann siad isteach go teach éiginteacht agus ghnídheann siad réidh a gcuid bidh. Gheibh siad pinginn i ngach
(leanann ar an chéad leathanach eile)