Scoil: Druim na Rath (uimhir rolla 12428)
- Suíomh:
- Droim na Rátha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Dhúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Druim na Rath
- XML Leathanach 117
- XML “Liam an Fíodóir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)i deich bomaite bhí Liam ar an talamh. Cha rab moran cearr leis, agus arsa Liam leis an Righ, arsa seisean
"Caidé dubhairt mé leat? Nach bfuil an dragún marbh anois?"
"Tá leoga," ars' an Rí. "Rinne tú achan rud a dubhairt tú. Isteach sa tigh leat, agus ni fhuil mé ábalta a radh comh buidheach agus tá mé duit."Bhí feasta mór acu i bpalas an Ríogh an oidhche sin. Bhí ithte agus ól, damhsa agus ceol acú agus mhair an feasta sin go cionn seachtmhaine cionnus go rabh an tír saor sa deireadh de'n dragún mhilteanach, agus bhí an oidhche deireanach níos fearr no an chéad oidhche.Dubhairt Liam go gcaithfeadh sé a dhul na bhaile, no nach rabh fhios aige caidé an dóigh a bhí ar a mnaoí agus na paístí. Chuir an Rí cualaith maith eadaigh air Liam agus bhí se ag tabhairt each dó fósta ach b'fearr le Liam a asal feín a bheith aige. Fuair sé an t-asal. Chuir se an dhá cliabh air agus bhí se a dhul a imtheacht acht sgairt an Rí air pilleadh agus thoisigh sé le na lamha feín agus nior stad sé go rabh an dhá claibh lán de ór. Chuir se a bheanancht le Liam agus dimthigh Liam leis ag tarraingt ar an baile. Tráthnóna amháin nuair a bhí sé níos mó no bliadhain ar siubhal sroich se Corran Binne arais agus bhí lan lughthair ar an mnaoi agus ar na paístí nuair a thainigh se(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Anne Durning
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 86