School: Druim na Rath (roll number 12428)
- Location:
- Droim na Rátha, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Dhúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Druim na Rath
- XML Page 117
- XML “Liam an Fíodóir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)i deich bomaite bhí Liam ar an talamh. Cha rab moran cearr leis, agus arsa Liam leis an Righ, arsa seisean
"Caidé dubhairt mé leat? Nach bfuil an dragún marbh anois?"
"Tá leoga," ars' an Rí. "Rinne tú achan rud a dubhairt tú. Isteach sa tigh leat, agus ni fhuil mé ábalta a radh comh buidheach agus tá mé duit."Bhí feasta mór acu i bpalas an Ríogh an oidhche sin. Bhí ithte agus ól, damhsa agus ceol acú agus mhair an feasta sin go cionn seachtmhaine cionnus go rabh an tír saor sa deireadh de'n dragún mhilteanach, agus bhí an oidhche deireanach níos fearr no an chéad oidhche.Dubhairt Liam go gcaithfeadh sé a dhul na bhaile, no nach rabh fhios aige caidé an dóigh a bhí ar a mnaoí agus na paístí. Chuir an Rí cualaith maith eadaigh air Liam agus bhí se ag tabhairt each dó fósta ach b'fearr le Liam a asal feín a bheith aige. Fuair sé an t-asal. Chuir se an dhá cliabh air agus bhí se a dhul a imtheacht acht sgairt an Rí air pilleadh agus thoisigh sé le na lamha feín agus nior stad sé go rabh an dhá claibh lán de ór. Chuir se a bheanancht le Liam agus dimthigh Liam leis ag tarraingt ar an baile. Tráthnóna amháin nuair a bhí sé níos mó no bliadhain ar siubhal sroich se Corran Binne arais agus bhí lan lughthair ar an mnaoi agus ar na paístí nuair a thainigh se(continues on next page)- Collector
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Anne Durning
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 86