Scoil: Más an Easa (C.) (uimhir rolla 14776)

Suíomh:
Más an Easa, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire Ní Cholchuin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1075, Leathanach 269

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1075, Leathanach 269

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Más an Easa (C.)
  2. XML Leathanach 269
  3. XML “Seanráite”
  4. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sean Ráidhte.
    Ní cheart ualach trom do chur ar asal lag.
    Ní thig le sac lán lubadh.
    Ní thig le sac folamh seasamh.
    Ní né lá na gaoithe lá na sgolbh
    Ní feidir ceann críonna do chur ar chalainn óig
    Na ceannuigh much i mála
    Na caith amach an t-uisge salach go dtigidh isteach an t-uisge glan.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Threartaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Craoslach, Co. Dhún na nGall
  2. Tómhaiseanna.
    Barraille ar an tráigh agus a dhá cheann druidhthe.
    Frg-: Ubh
    Caidé’n rud a bhfuil níos fearr na Dia agus níos measa na an diabhail agus ma íosfaidh tú é ghéobhaidh tú bás.
    Frg-: Dadaidh.
    Caidé dhéanfas peire bróg.
    Frg-: Dhá bhróig
    Caidé an rud is [tiorma]? sa’n domhain,
    Frg-: An grian
    Cé hé an fear a chaitheann an hata is mo
    Frg-: An fear a bhfuil an ceann is mo aige.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.