Scoil: Más an Easa (C.) (uimhir rolla 14776)
- Suíomh:
- Más an Easa, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Ní Cholchuin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Más an Easa (C.)
- XML Leathanach 266
- XML “Scéaltaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí páisde óg ann uair amháin agus fuair a athair bás. Thosuigh an gasúr ag gáiridhe agus arsa'n mháthair leis. Caidé an fáth a bhfuil tú ag gáraidhe agus d'athair marbh? Gheall sé damh indé go dtabharfadh sé bualadh dam indiú agus anois níl sé abalta, arsa'n gasúr.Bhí bean ann uair amháin agus bhí fear aicí dar bh'ainm Brian. Fuair sé bás agus chuaidh a bhean leis an tórramh go dtí an cros bhóthair, hí teach annsin agus bhí fear na chomhnuidhe ann d'ar bh'ainm Séan, sheasuigh an bhean annsin ag amharc i ndiaidh an tórramh agus dubhairt sí, beannacht leat a Bhrian go toigh Dé agus rachaidh mise go toigh Shéain.Bhí fear ann fadó agus ní rabh aige ach inghean amháin, bhí cúig daoisín caoirigh aige agus lá an aonaigh dubhairt sé leithe na caoirigh a thabhairt chun aonaigh agus iad a dhíol agus an t-airgead agus na caoirigh a thabhairt abhaile, bhí an cailín(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Threartaigh
- Inscne
- Baineann