School: Más an Easa (C.) (roll number 14776)
- Location:
- Más an Easa, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Máire Ní Cholchuin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Más an Easa (C.)
- XML Page 214
- XML “Cú Chulainn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé an phéist. Sgairteadh istaech ar an fhear mhór i n-áit a rabh an ceannphort agus Cuchulainn. "Anois a deir an ceannphort leis an fhear mhór, is tusa an fear is measa a chonnaic mé ag siubhal ariamh i mbróg leathair, Moise mé fhéin a bhí ins an pheist sin, agus nuair a chonnaic tú mé ag nochtadh sé an rud a d'fholuigh tú 'san fhraoich i n-áit a dul a throid liom, agus tusa Cuchulainn an fear is fearr ar throid mé leis ariamh. Ar a son sin bheirim sé maighistreas Sméara na gCrann duit-sé ó lá indiu go dtí lá do bháis.
Tamall i ndiaidh sin bhí Cuchulainn ag siubhal cois an chladaigh lá amháin. Bhí caman agus cnag aige. Bhí sé ag bualadh cor poc cnaig uirthi gur thuirsigh sé é féin. Shuid sé síos ar charraig mhór a bhí ar cladach na fairrge. Ní rabh sé i bhfad 'na shuidhe go dtáinig cailí˜, agus shuidh sí ag a thaobh. Chonnaic sé mar bheadh dubhlogamn dubh amuigh ar an fhairrge. Bhí sé i dtolamh ag teacht ní ba deise do, agus d'aithin sé sa deireadh gur long a bhí ag séoladóireacht a bhí ann. Tháinig sé isteach go bun na carraige an áit a rabh sé(continues on next page)- Informant
- Séamus Ua Fearadhaigh
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Occupation
- Oibrí
- Address
- An Craoslach, Co. Dhún na nGall