Scoil: Mágh Rua (Murroe)
- Suíomh:
- Maigh Rua, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: P. S. Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mágh Rua (Murroe)
- XML Leathanach 54
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- SgéalBhí buachaill óg ann uair amháin agus rinne athair fasta air amuigh igCo Thír Eoghainn. Bhí áit cruaidh aige agus oidhche amháin d'fhág se an áit. Nuair a bhí sé ag teacht fríd coill. Chonnaic sé solas beag chuaidh sé go dtí an teach agus nuair a chuaidh sé isteach bhí cuid mhór daoine beaga na suidhe thart fa'n teineadh. agus bhí sean capall bán na luighe síos ag an taobh iochartach d'en teach. Nuair a bhí an buachailll óg istuigh tamall beag maith cuaidh na daoine beaga amach ag cuartughadh agus d'fhág siad an búachaill istoigh agus dubhairt siad leis dá leigfeadh sé do ribe amháin de'n chapall dóigh go marbhochadh siad é, Nuair a d'imigh na daoine beaga thuit an buachaill na chodhladh agus thainig capall anios go dti an teinedh agus dhóigh sé leath a dhruim. Nuair a mhuscail a bhuachaill d'fhág sé an teach agus cuaidh sé suas ar crainn iongantach árd. Nuair a thainig na daoine beaga isteach agus nuair a chonaic siad an capall chuaidh siad amach indiaidh an buachaill óg agus bhí comhnair leofa. Deireadh duine aca leis an duine eile eile "Ce chuireas muid sa chomhnair seo agus deirfeadh an duine eile " Cé chuireas muid(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Ghearrbhaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Ghearrbhaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire Uí Fhríl, Co. Dhún na nGall