School: Mágh Rua (Murroe)

Location:
Murroe, Co. Donegal
Teacher:
P. S. Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1075, Page 54

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1075, Page 54

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mágh Rua (Murroe)
  2. XML Page 54
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal
    Bhí buachaill óg ann uair amháin agus rinne athair fasta air amuigh igCo Thír Eoghainn. Bhí áit cruaidh aige agus oidhche amháin d'fhág se an áit. Nuair a bhí sé ag teacht fríd coill. Chonnaic sé solas beag chuaidh sé go dtí an teach agus nuair a chuaidh sé isteach bhí cuid mhór daoine beaga na suidhe thart fa'n teineadh. agus bhí sean capall bán na luighe síos ag an taobh iochartach d'en teach. Nuair a bhí an buachailll óg istuigh tamall beag maith cuaidh na daoine beaga amach ag cuartughadh agus d'fhág siad an búachaill istoigh agus dubhairt siad leis dá leigfeadh sé do ribe amháin de'n chapall dóigh go marbhochadh siad é, Nuair a d'imigh na daoine beaga thuit an buachaill na chodhladh agus thainig capall anios go dti an teinedh agus dhóigh sé leath a dhruim. Nuair a mhuscail a bhuachaill d'fhág sé an teach agus cuaidh sé suas ar crainn iongantach árd. Nuair a thainig na daoine beaga isteach agus nuair a chonaic siad an capall chuaidh siad amach indiaidh an buachaill óg agus bhí comhnair leofa. Deireadh duine aca leis an duine eile eile "Ce chuireas muid sa chomhnair seo agus deirfeadh an duine eile " Cé chuireas muid
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Ní Ghearrbhaigh
    Gender
    Female
    Informant
    Máire Ní Ghearrbhaigh
    Gender
    Female
    Address
    Doire Uí Fhríl, Co. Donegal