Scoil: Mágh Rua (Murroe)
- Suíomh:
- Maigh Rua, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: P. S. Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mágh Rua (Murroe)
- XML Leathanach 26
- XML “Fear Maith”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fear Maith
Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí sé iongantach maith. Cathal Choilins an t-ainm a bhí air, agus bhí sé na chomhnuidhe i Fiadh Mór. Bhí sé ag deanamh uisge beatha amuigh ins na cnuic. Chuala na Gardaí seo agus chuaidh siad na dhiaidh é. Nuair a chonnaic Cathal na gardaí ag teacht cheangail sé an buidéail uisge beatha thart ar a mhuinéail. Bhí sé ábalta fhidil a imirt go maith. Chuaidh sé amuigh ar an fhairrge agus shuidh sé ar an uisge agus an buidéail uisge beatha thart ar a muinéail agus thoisigh sé ag imirt an fhidil. Shuidh sé amuigh ar an fhairrge go dtí gur imthigh na Gardaí.
D'innis mo mháthair Bríghid Nic a Leagha Cnoc Glás, DúnFhionnachaidh, Tírchonaill, an sgéal seo damh.
Bríghid Nic a Leagha.- Bailitheoir
- Bríghid Nic a Leagha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dún Fionnachaidh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Bríghid Nic a Leagha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dún Fionnachaidh, Co. Dhún na nGall