Scoil: Mágh Rua (Murroe)
- Suíomh:
- Maigh Rua, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: P. S. Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mágh Rua (Murroe)
- XML Leathanach 7
- XML “Stoirm”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Stoirm 9-2-'38Lá iongantach sgártach a bhí ann ar an ochtmhadh lá fichead de Mhí Eanair 1928. Ar an tráthnóna roimh ré déirigh na spéarthaí comh dubh le gual. Thoisigh gaoth éadtrom a shéideadh agus an tráth-nóna sin ag éirighe dorcha dó, bhí na spéartaí comh geal agus bhí siad ar an mheadhan lae. Annsin thoisigh néaltaí dubha dorcha ag dul treasna na spéire ceann indiaidh an chinn eile. Thoisigh an fhairrge ag éirigh suas ins an aer. Annsin, d'éirigh an oidhche comh geal leis an lá agus ba ghnáth le na sean daoine a rádh "ag cothú na stoirme nuair a bhéas an oidhche geal". Lá ar na mhárach an tochtmhadh lá fichead de Mhí Eanair bhí lá iongantach sgártach ar fad amach ann. Bhí gaoth iongantach láidir ag séideadh. D'imthigh cuid mhór toighthe agus rinneadh dochar millteannach an lá céadna. Ar an oidhche sin bhí soillsiughadh millteannach ann agus toirneach agus shocruigh an stoirm.
- Bailitheoir
- Donnchada Mac a Leagha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Maigh Rua, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Bríghid Nic a Leagha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Maigh Rua, Co. Dhún na nGall