Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 79
- XML “An Cailín Dílis”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chuaidh sí ag Cailleach na gCearc an tríomhadh lá agus d'innis sí díthe nach dtearn sí maith. D'iarr Cailleach na gCearc uirthi nuair a gheobhadh sí an gasúr na chodhladh é a mharbhadh. Chualaidh an ghiorsach seo agus d'innis sí do'n ghasúr é. Nuair a chuaidh siad a luighe chuaidh an t-athair agus an mhathair a chodhladh fosta. D'éirigh an ghiorsach agus an gasúr. Chuaidh an ghiorsach go seomra a h-athra agus thug sí léithe slat draoidheachta a bhí ann.
D'imthigh siad leo go dtainic an tráthnona agus chonnaic siad an tóir na ndiaidh. Thug sise léithe an tslat draoidheachta agus rinn sí teach deas de'n ghasúr agus rinn sí sean bhean díthe féin. Shuidh sí istigh sa teach. Nuair a thainic an rí agus a chuid saighdiúir shuidh siad a dh'amharc ar an teach deas agus le teacht na h-oidhche bhog siad leo. Nuair a d'imthigh siad rinn sí giorsach díthe féin airís agus rinn sí gasúr de'n teach agus d'imthigh siad leo.
An dara lá d'iarr an ghiorsach ar an ghasúr amharc thart go bhfeicfeadh sé an rabh a bhath ag teacht. D'amharc sé thart agus chonnaic sé an rí agus a chuid fear ag teacht. Rinn an ghiorsach lach díthe féin agus de'n ghasúr agus chuaidh siad a shnámh ar an fhairrge. Nuair a thainic an rí agus a chuid fear fhad leo thoisigh siad a dheanamh iongantais d'n lach agus do'n bhárdal. Ar theacht na h-oidhche bhog siad leo. Dubhairt siad nach rabh siad ag gabhail ar lorg(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Maighread Nic Ruaidhrigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 37
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall